An tUachtarán agus Sabina i láthair ag Searmanas Comórtha i ndáil le Domhnach Cásca

Location: (Baile Átha Cliath) Árd Oifig an Phoist
{{ diary_page.title }}

Bhí an tUachtarán Ó hUigínn ar cheann searmanais chun cothrom lae Éirí Amach na Cásca in 1916 a chomóradh. 

Leag an tUachtarán fleasc taobh amuigh d’Ard-Oifig an Phoist, an foirgneamh sainchomhartha a bhí ina cheanncheathrú ag reibiliúnaigh 1916. 

In 2016, bhí an tUachtarán Ó hUigínn ar cheann sraith imeachtaí comórtha i dtace le hÉirí Amach 1916. D’fhoilsigh an Rialtas rogha óráidí an Uachtaráin a thug sé le linn na bliana comórtha. Tá 35 óráid de chuid an Uachtaráin Uí Uigínn in ‘Ceiliúradh agus Comóradh Céad Bliain 1916 – 1916 Centenary Commemorations and Celebrations’. Tugadh iad ar fud na hÉireann thar thréimhse 2 bhliain, agus cuimsíonn siad imeachtaí áitiúla agus náisiúnta araon le linn 2016, príomhbhliain an chomórtha céad bliain. 

Tá an leabhar ar fáil ó Oifig Dhíolta Foilseachán Rialtais, agus le híoslódáil ar líne (saor in aisce).

Áras Uí Chonghaile, Ionad Fáiltiú, Lárionad Shéamuis Uí Chonghaile á oscailt ag an Uachtarán
Previous engagement

Áras Uí Chonghaile, Ionad Fáiltiú, Lárionad Shéamuis Uí Chonghaile á oscailt ag an Uachtarán

Next engagement

An tUachtarán i láthair ag rásaí Thig na Síog; bronann sé an Corn sa Phríomh-Rás - an Grand National