Déanfaidh an tUachtarán Ó hUigínn an oscailt oifigiúil ar Áras Uí Chonghaile, Ionad Cuairteoirí Shéamais Uí Chonghaile i mBéal Feirste.
Tá an tIonad lonnaithe gar don áit ar chónaigh Séamas Ó Conghaile, ar Bhóthar na bhFál, agus cuireann sé eolas ar fáil faoi shaol agus faoi shaothar Shéamais Uí Chonghaile agus spás cruinnithe ar fáil do phobail na Ceathrú Gaeltachta i mBéal Feirste.