Freastalaíonn an tUachtarán agus Saidhbhín ar "Le Chéile Cois Life" do Sheachtain na Gaeilge

Location: Liberty Hall, Dublin 1

Déanfaidh Le Chéile Cois Life stair shóisialta Bhaile Átha Cliath a ríomh ón tréimhse Ghaelach go dtí an lá atá inniu ann trí mheán an cheoil, na hamhránaíochta agus na filíochta.
 
I mbun taibhithe beidh Des Geraghty, an píobaire uilleann Mick O'Brien, fidléir agus cumadóir Máire Breatnach, the Dublin Lasses, Antaine Ó Faracháin, Noel O'Grady, Jerry O'Reilly, Seán Ó hEarcáin agus Liam Mac Mathúna, Ollamh Emeritus le Gaeilge in UCD.
 
Is féile idirnáisiúnta Ghaeilge í Seachtain na Gaeilge a reáchtáiltear ar bhonn bliantúil in Éirinn agus thar lear. Tá sí ar an gceiliúradh is mó dár dteanga agus dár gcultúr dúchais atá ann.
 
Tá a théarma oifige úsáidte ag an Uachtarán Ó hUigínn chun an Ghaeilge a chur chun cinn. I rith a shaoil ghairmiúil, thacaigh an tUachtarán Ó hUigínn leis an nGaeilge agus bhí sé ar dhuine de na tiománaithe taobh thiar de bhunú Theilifís na Gaeilge, TG4 mar atá anois.

Is féidir teachtaireacht an Uachtaráin do Sheachtain na Gaeilge 2023 a léamh anseo:

https://president.ie/ga/ilmheain-agus-oraidi/eisiuinti-nuachta/seachtain-na-gaeilge-message-from-president-michael-d-higgins

Óstálann an tUachtarán agus Saidhbhín lón d’fhonn comóradh a dhéanamh ar an 50ú bliain ó bhunú Chomhairle Náisiúnta na mBan
Previous engagement

Óstálann an tUachtarán agus Saidhbhín lón d’fhonn comóradh a dhéanamh ar an 50ú bliain ó bhunú Chomhairle Náisiúnta na mBan

Next engagement

Freastalaíonn an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn ar Aifreann Lá Fhéile Pádraig