Fáiltiú ar scáth an Uachtaráin agus Sabina d’fhonn Lá Bealtaine a cheiliúradh

Location: (Baile Átha Cliath) Áras an Uachtaráin
{{ diary_page.title }}

Rinne an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn imeacht a óstáil chun Lá Bealtaine a chomóradh, ceiliúradh ghníomhaíochas na hóige.

I dtraidisiún na gCeilteach, comórann Lá Bealtaine féíle earraigh agus is é an 1 Bealtaine Lá an Lucht Oibre chomh maith, lá chun cearta na n-oibrithe a cheiliúradh. 

Bíonn an tsaoránacht ghníomhach agus an gníomhú sibhialta eagraithe lárnach in obair an Uachtaráin Uí Uigínn, a bhfuil cur chun cinn na sochaí cuimsithí, áit a dtugtar tacaíocht do gach ball agus a spreagtar iad páirt a ghlacadh i ndéanamh cinntí, i gcroílár a Uachtaránachta. Bhain an tUachtarán leas as an ócáid chun moladh a thabhairt do cheardchumainn, a eagraíonn oibrithe i gceirdeanna nó gairmeacha ar leith, agus don óige a bhíonn i mbun feachtais i gcomhair gníomhú práinneach chun an t-athrú aeráide a stopadh.
 

An tUachtarán i láthair ag Seimineár Poiblí maidir le héalú Banphrionsa Clementina na Polainne - taca an ama seo, trí chéad bliain ó shin
Previous engagement

An tUachtarán i láthair ag Seimineár Poiblí maidir le héalú Banphrionsa Clementina na Polainne - taca an ama seo, trí chéad bliain ó shin

Next engagement

Plaic chomórtha chun ómós a thabhairt do Leonard Cohen - “Made of Athy” - á nochtadh ag an Uachtarán