Fáiltiú ar scáth an Uachtaráin agus Sabina ag na buaiteoirí i gCluiche Ceannais Iomána na hÉireann - Luimneach

Location: (Baile Átha Cliath) Áras an Uachtaráin

(Baile Átha Cliath) Áras an Uachtaráin

Dé Máirt, 26th Feabhra 2019

{{ diary_page.title }}

Chuir an tUachtarán agus Saidhbhín fáiltiú ar siúl d’Fhoireann Chaithréimeach Luimnigh a bhain Craobhchomórtas Iománaíochta 2018 amach. 

Bhí an tUachtarán Ó hUigínn i láthair ag cluiche ceannais na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh mí Lúnasa seo caite, nuair a bhuail foireann Luimnigh foireann na Gaillimhe agus a bhain siad amach an craobhchomórtas.

Bhí suim ar leith ag an Uachtarán Ó hUigínn i gcúrsaí spóirt riamh. Thug an tUachtarán faoi deara go minic nach amháin gur ceiliúradh ar scileanna, seasmhacht agus aclaíocht atá i gcúrsaí spóirt, ach gur comhábhar bunúsach atá ann i sochaí rathúil.

“Léiríonn an spórt, ar go leor bealaí, na cáilíochtaí sin atá chomh tábhachtach don dea-shaoránacht agus chun sochaithe a fheidhmíonn i gceart a chruthú. Le bheith i do bhean nó i d’fhear spóirt maith, teastaíonn tiomantas, féindisciplín, obair bhuíne agus an cumas le coinneáil ag imeacht nuair a théann rudaí i d’aghaidh.
Is trí pháirt a ghlacadh i ngníomhachtaí spóirt a thosaíonn go leor leanaí óga ag foghlaim le bheith páirteach i sochaí ina mbíonn cúinsí agus imeachtaí áirithe uaireanta ina mbeidh buaiteoirí caithréimeacha, agus chomh tábhachtach céanna, cailliúnaithe múinte”

Previous engagement

Áitreabh nua ag FLAC á oscailt go hoifigiúil ag an Uachtarán i ndáil lena gComóradh Cinn 50

Tíolacann na hAmbasadóirí seo a leanas a gCreidiúnais
Next engagement

Tíolacann na hAmbasadóirí seo a leanas a gCreidiúnais