D'oscail an tUachtarán Ó hUigínn taispeántas de dhealbh cré-umha de chuid John Behan RHA i nDánlann Ealaíne Chill Choca.
Léirítear sa taispeántas an méid a chruthaigh an dealbhóir le 50 bliain anuas, ina bhfuil téamaí cosúil le díláithriú daoine agus imirce le feiceáil, rudaí a bhí ag cur isteach ar John i rith a shaoil mar dhealbhóir.
Dealbh cré-umha de long ón nGorta Mór at seacht méadar ar fhad agus ocht méadar ar airde, le 150 figiúr cré-umha ar an deic agus ag tuirlingt de is ea ceann dá phíosaí, dar teideal “Arrival” arna choimisiúnú ag Oifig na nOibreacha Poiblí. Bhronn Rialtas na hÉireann an píosa ar na Náisiún Aontaithe in 2000.
In Aibreán 2018, d’amharc an tUachtarán Ó hUigínn ar “Arrival”, tar éis dó aitheasc a thabhairt ag Cruinniú Ardleibhéal na NA maidir le Tógáil Síochána agus Síocháin a Chothabháil.