Freastalóidh an tUachtarán Ó hUigínn ar Aifreann éagnairce do Sally O’Neill.
Sular fhreastail sé ar Aifreann éagnairce do Sally O’Neill, buail an tUachtarán Ó hUigínn lena hiar-chomhghleacaithe ag Trócaire.
Chuaigh Sally O’Neill ag obair le Trócaire i 1978, agus le daichead bliain anuas bhí sí páirteach i bhforbairt dhaonna agus i gcearta daonna i Meiriceá Laidineach, sa Chairib, san Afraic agus san Áise.
Mar chuid dá hiarrachtaí chun aird a tharraingt ar na mí-úsáidí móra ar chearta daonna sa tSalvadóir, i nGuatamala agus i Nicearagua, threoraigh sí toscaireacht an Oireachtais – lenár áiríodh TD Pháirtí an Lucht Oibre ag an am Mícheál D. Ó hUigínn agus Niall Andrews as Fianna Fáil – chuig an tSalvadóir i 1982. Sna 1990idí chuaigh sí leis an Uachtarán Máire Mhic Róibín agus an TD ag an am Mícheál D. Ó hUigínn ar chuairteanna tríd an tSomáil a bhí trína chéile mar gheall ar ghorta.
Bhí dlúthchairdeas ag an Uachtarán Ó hUigínn le O’Neill, agus rinneadh ceiliúradh nuair a d’imigh sí ar scor le cóisir lóin ag Áras an Uachtaráin.