Bhuail an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn le Prionsa na Breataine Bige agus le Bandiúc Cornwall, ag Gleann Crí i gCo. Chill Mhantáin.
Thug an tUachtarán agus a aíonna ríoga cuairt ar Ionad Ghleann Crí don tSíocháin agus don Athmhuintearas, eagraíocht a bunaíodh i 1974 chun athmhuintearas a chur chun cinn idir pobail ar oileán na hÉireann.
Bhuail an tUachtarán Mícheál D Ó hUigínn leis an bPrionsa Charles roinnt uaireanta cheana, lena n-áirítear le linn Cuairt Stáit an Uachtaráin ar an RA in Aibreán 2014. Le déanaí, bhuail an tUachtarán agus an Prionsa lena chéile i Learpholl, mar phátrúin ar an Institiúid um Léann Éireannach. Bhuail siad lena chéile freisin ag Áras an Uachtaráin i mBealtaine 2017, in Albain i Meán Fómhair 2017, sa Tuirc ag comóradh céad bliain 2015 ar Chath Gallipoli, agus ina dhiaidh sin ag Loch Cútra i gCo. na Gaillimhe.
Bhuail an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn agus a n-aíonna ríoga le hionadaithe ó Chlár Óige Ghleann Crí agus le hiar-rannpháirtithe i ‘gClár Ceannaireachta Ban’.