An tUachtarán i mbun spreagaithisc i Roinn Gnóthaí Eachtracha Pheiriú

Location: Palacio de Torre Tagle, Lima, Peiriú
{{ diary_page.title }}

Déardaoin, thug an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn óráid mhór ar chaidreamh na hÉireann le Peiriú agus ar ionchur na n-Éireannach i Meiriceá Laidineach.

Dúirt an tUachtarán go raibh líon mór Éireannach bainteach le héirí amach agus le gluaiseachtaí náisiúnta ar fud Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib – i Meicsiceo, sa tSile, sa Bholaiv, sa Cholóim, san Airgintín, sa Bhraisíl, i bPuerto Rico, i gCúba agus i bPeiriú – agus gur liostáil na mílte Éireannach in airm tírghráthóirí le troid in aghaidh riail na Spáinne idir 1817 agus 1824.

Ina aitheasc sa Palacio de Torre Tagle dhírigh an tUachtarán ar oidhreacht Ruairí Mhic Easmuinn. Labhair an tUachtarán ar ionchur Mhic Easmuinn i gcearta an duine, trína chuid oibre i gceantar Putumayo. 

An tUachtarán ar cuairt chuig Museo Larco
Previous engagement

An tUachtarán ar cuairt chuig Museo Larco

Tugann an tUachtarán spreagaitheasc maidir le Próisis Síochána na hÉireann agus Cholumbia...
Next engagement

Tugann an tUachtarán spreagaitheasc maidir le Próisis Síochána na hÉireann agus Cholumbia...