An tUachtarán i láthair ag seoladh na Straitéise maidir le Planet Youth

Location: (Gaillimh) Óstán Ard Rí, Tuaim
{{ diary_page.title }}

Thug an tUachtarán Ó hUigínn cuairt ar Thuaim i gContae na Gaillimhe i gcomhair sheoladh "Planet Youth", cur chuige chun cosc a chur ar pháistí agus ar ógánaigh tosú ag tógáil drugaí.

Le múnla "Planet Youth", a bunaíodh san Íoslainn, tugtar le chéile eolaithe sóisialta, lucht déanta beartas agus cleachtóirí, chun iarracht a dhéanamh tuiscint a fháil ar an dearcadh a bhíonn ag daoine óga fásta ar a saol agus ar a bpobail. Baintear úsáid as an eolas chun bearta a dhearadh chun an comhshaol sóisialta a athrú agus an méid ama a chaitheann ógánaigh gan mhaoirseacht a laghdú agus chun tuismitheoirí a spreagadh le níos mó ama a chaitheamh lena bpaistí. 

 

Sabina i láthair ag ócáid d’fhonn aitheantas a thabhairt do Yoga Therapy Ireland, atá fiche bliain ar an bhfód
Previous engagement

Sabina i láthair ag ócáid d’fhonn aitheantas a thabhairt do Yoga Therapy Ireland, atá fiche bliain ar an bhfód

Fáiltíonn an tUachtarán roimh an Dochtúir Ríonach Uí Ógáin agus a Comhluadar; bronnfar an saothar “Life, Lore and Song / Binneas an tSiansa” ar an Uachtarán
Next engagement

Fáiltíonn an tUachtarán roimh an Dochtúir Ríonach Uí Ógáin agus a Comhluadar; bronnfar an saothar “Life, Lore and Song / Binneas an tSiansa” ar an Uachtarán