Seolann an tUachtarán an Tionscadal um Scoileanna Lumper 2019, i ndáil le CCIFV

Location: (Baile Átha Cliath) Bunscoil Our Lady of the Wayside, An Cloigín Gorm

(Baile Átha Cliath) Bunscoil Our Lady of the Wayside, An Cloigín Gorm

Dé Céadaoin, 20th Márta 2019

{{ diary_page.title }}

Sheol an tUachtarán Ó hUigínn Tionscadal Scoileanna Lumpar i Scoil Náisiúnta Mhuire Thaobh an Bhóthair sa Chloigín Gorm, Baile Átha Cliath.

Tionscnamh is ea Tionscadal Scoileanna Lumpar de chuid Coiste Cuimhneacháin d’Íospartaigh an Ghorta Mhóir (CCIFV), atá ag obair le Glens of Antrim Potatoes chun síol prátaí a chur ar fáil do gach scoil in Éirinn. Spreagtar scoileanna rannpháirteacha chun prátaí Lumpar a chur, mar bhealach chun cuimhneamh ar íospartaigh an ghorta sna 1840idí.

Tá Coiste Cuimhneacháin d’Íospartaigh an Ghorta Mhóir agus an tUachtarán Ó hUigínn ar aon intinn nár cheart dearmad a dhéanamh orthu siúd atá ag fulaingt ón ocras, ón mbochtaineacht, ón gcoimhlint agus ón aslonnú óna dtíortha féin agus cuimhneachán á dhéanamh ar íospartaigh an Ghorta Mhóir.

Chun léargas a fháil ar smaointe an Uachtaráin faoin nGorta Mór, féach ar https://president.ie/ga/diary/details/president-and-sabina-visit-famine-museum-in-strokestown-house

Previous engagement

An tUachtarán i láthair ag Cluiche Ceannais Peile na gClub – grád na Sinsear - idir Chora Finne agus Crócaigh, agus ag Cluiche Ceannais Iomána na gClub, idir Bhaile Héil agus foireann Naomh Thomáis

Tíolacann na hAmbasadóirí seo a leanas a gCreidiúnais
Next engagement

Tíolacann na hAmbasadóirí seo a leanas a gCreidiúnais