Tugann an tUachtarán aitheantas don Lá Idirnáisiúnta in aghaidh an Fhoréigin agus na Bulaíochta ar Scoil

{{ diary_page.title }}

Tá Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe, EOECNA, tar éis an chéad Déardaoin de Shamhain gach bliain a fhógairt mar ‘Lá Idirnáisiúnta in aghaidh an Fhoréigin agus na Bulaíochta ar Scoil, an Chibearbhulaíocht san áireamh’.

Tarraingíonn an Lá Idirnáisiúnta nua sin aird ar an bhforéigean scoilbhunaithe de gach cineál, agus tugann sé aitheantas gur sárú cearta páistí agus ógánach maidir lena n-oideachas agus a bhfolláine atá sa bhulaíocht.
 
 Ar feadh a uachtaránachta tá aird tarraingthe ag an Uachtarán Ó hUigínn ar thionchar millteach an fhoréigin agus na bulaíochta, agus na meáin shóisialta san áireamh. Tá sé ráite ag an Uachtarán go mbíonn tionchar millteach ag na cineálacha foréigin sin ar shaol daoine agus go mbaineann siad a ndínit uathu.

 

Is féidir leat aitheasc an Uachtaráin a léamh nó a chloisteáil trí chliceáil ar na táib Fuaime, Óráid, nó Físeáin thuas.

 
Imeachtaí bainteacha:

Fáiltíonn an tUachtarán roimh Ambasadóir na Lituáine ar chuairt chúirtéise, le slán a fhágáil
Previous engagement

Fáiltíonn an tUachtarán roimh Ambasadóir na Lituáine ar chuairt chúirtéise, le slán a fhágáil

Comhdháil ag Cumann Cúraim Altrama na hÉireann, á hoscailt ag an Uachtarán
Next engagement

Comhdháil ag Cumann Cúraim Altrama na hÉireann, á hoscailt ag an Uachtarán