Fáiltíonn an tUachtarán roimh Ambasadóir na Lituáine ar chuairt chúirtéise, le slán a fhágáil

Location: (Dublin) Áras an Uachtaráin
{{ diary_page.title }}

Chuir an tUachtarán Ó hUigínn fáilte roimh Ambasadóir na Liotuáine Egidijus Meilunas, a bhí ar cuairt chúirtéise chuig Áras an Uachtaráin agus slán á fhágáil aige.

Ar theacht dóibh go hÉirinn, agus sular féidir leo tabhairt faoina gcuid dualgas, ní mór d’Uachtarán na hÉireann fáilte a chur rompu go hoifigiúil. Déantar ambasadóirí a chreidiúnú go hoifigiúil le dul ag obair in Éirinn a luaithe is a ghlacann an tUachtarán lena ndintiúir.

Nuair a shroicheann ambasadóirí deireadh a dtéarma, tugann an tUachtarán cuireadh dóibh teacht ar chuairt chúirtéise chuig Áras an Uachtaráin le buíochas a ghlacadh leis na hambasadóirí as a gcuid seirbhíse, le héisteacht lena dtaithí ar Éirinn agus le plé a dhéanamh ar thuairimí an ambasadóra atá ag imeacht ar cheisteanna atá bainteach leis an gcaidreamh déthaobhach.
 

Aitheasc ón Uachtarán i ndáil le Oireachtas na Samhna, 2020
Previous engagement

Aitheasc ón Uachtarán i ndáil le Oireachtas na Samhna, 2020

Tugann an tUachtarán aitheantas don Lá Idirnáisiúnta in aghaidh an Fhoréigin agus na Bulaíochta ar Scoil
Next engagement

Tugann an tUachtarán aitheantas don Lá Idirnáisiúnta in aghaidh an Fhoréigin agus na Bulaíochta ar Scoil