Buailfidh an tUachtarán Ó hUigínn le A.S. Emmanuel Macron, Uachtarán na Fraince

Location: (Dublin) Áras an Uachtaráin
{{ diary_page.title }}

Déardaoin 26 Lúnasa cuirfidh an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn fáilte roimh A.S. Emmanuel Macron, Uachtarán Poblacht na Fraince ag Áras an Uachtaráin.
 
Tógfaidh an tUachtarán Macron cuairt lae ar Éirinn, agus cuirfidh an tUachtarán agus a bhean Saidhbhín fáilte roimhe chun na tíre. Tar éis an tsearmanais fáilte, beidh cruinniú déthaobhach ag an bheirt Cinn Stáit in Áras an Uachtaráin, agus leanfaidh cruinniú le grúpa smaointeoirí agus scríbhneoirí iomráiteacha.
 
Sa tráthnóna, óstálfaidh an tUachtarán Ó hUigínn agus Saidhbhín dinnéar oibre in onóir Uachtarán na Fraince.
 

Previous engagement

An tUachtarán ag Cluiche Ceannais Sinsir Iomána na hÉireann

An Breitheamh David Barniville á ceapadh ina Breitheamh den Chúirt Achomhairc ag an Uachrarán
Next engagement

An Breitheamh David Barniville á ceapadh ina Breitheamh den Chúirt Achomhairc ag an Uachrarán