Fáiltíonn an tUachtarán roimh A.Sh. Sameh Shoukry, Uasal, Aire Gnóthaí Eachtracha na hÉigipte

Location: (Baile Átha Cliath) Áras an Uachtaráin
{{ diary_page.title }}

Bhuail an tUachtarán Ó hUigínn le hAire Gnóthaí Eachtracha Phoblacht Arabach na hÉigipte, an tUasal Sameh Shoukry. 

Tá an tAire Sameh Shoukry ar cuairt ar Bhaile Átha Cliath chun 40 bliain oscailte Ambasáid na hÉigipte in Éirinn a chomóradh. 

Phléigh an bheirt cheannairí ábhair ar suim leo beirt iad, ina measc an caidreamh déthaobhach idir Éire agus an Éigipt, próiseas na síochána sa Mheánoirthear agus comhtháthú na hEorpa. 

Chuir an tUachtarán béim ar an tábhacht a bhaineann leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach ar domhan, agus na deiseanna atá ann dá réir a bhaineann le huachtaránacht na hÉigipte ar an Aontas Afracach. 

Previous engagement

D'óstáil a tUachtarán agus Saidhbhín fáiltiú ag Áras an Uachtaráin do ghrúpaí pobal agus grúpaí saoránach

Fáiltiú ar scáth an Uachtaráin agus Sabina in ómós do bhuaiteoirí Chluiche Ceannais Camógaíochta na hÉireann - Corcaigh - 2018
Next engagement

Fáiltiú ar scáth an Uachtaráin agus Sabina in ómós do bhuaiteoirí Chluiche Ceannais Camógaíochta na hÉireann - Corcaigh - 2018