Chuir an tUachtarán Ó hUigínn fáiltiú ar siúl d’fhoireann agus do chónaitheoirí Chumann Tithíochta Chlúid.
Ciallaíonn an focal Clúid an suíochán le taobh na tine – an suíochán a tugadh go traidisiúnta d’aíonna mar chomhartha fáiltithe agus mar chomhartha go ndéanfaí cúram díobh. I spiorad an fhocail sin, tá sé mar aidhm ag Clúid cuidiú le bailte agus pobail nua, inar mhian le daoine cónaí agus lonnú, a chruthú.
Tá an fáiltiú eagraithe ag an Uachtarán chun buíochas a ghlacadh le baill an eagrais as a gcuid oibre agus le buíochas a ghlacadh leis na cónaitheoirí agus na tionóntaí as a dtiomantas ina ról mar chruthaitheoirí pobal cuimsitheach agus rathúil.
Tá an tUachtarán Ó hUigínn tar éis bualadh le roinnt cumann tithíochta agus soláthraithe tithíochta sóisialta, ina measc Tionscadal Tithíochta Sophia (2014), Scéim Tithíochta Thornton Heights (2014) agus Saoráid Chúram Leanaí agus Tionscadal Tithíochta Lios Cearúill (2013), Gnáthóg na Daonnachta (2012) agus Cumann Tithíochta Nás na Rí (2012). Ar Lá Fhéile Pádraig i mbliana, thug an tUachtarán cuireadh d’fhoireann tosaigh na n-eagras atá ag tacú le daoine gan dídean chuig Áras an Uachtaráin.