President receives 'Walk with Gandhi - Bóthar na Saoirse' book presentation

Location: (Dublin) Áras an Uachtaráin
{{ diary_page.title }}

Bronnadh cóip shínithe de 'Walk with Gandhi: Bóthar na Saoirse', ar an Uachtarán Ó hUigínn, leabhar haiku i nGaeilge agus i mBéarla le tráchtaireacht ag an bhfile Éireannach, Gabriel Rosenstock.

D’fhoilsigh Gandhi 150 Ireland an leabhar chun breith Mahatma Gandhi 150 bliain ó shin a chomóradh, fear ar spreag a chuid focal agus a ghníomhartha cuid mhaith ghníomhaithe ar son an chirt shóisialta, ina measc Nelson Mandela, Martin Luther King Jr. agus lucht na gCeart Sibhialta i dTuaisceart Éireann.

I measc na mball de thoscaireacht Gandhi 150 Ireland a thug cuairt ar an Uachtarán in Áras an Uachtaráin bhí: Gabriel Rosenstock, Eithne Ní Chléirigh, Des Geraghty, Rosheen Callender, Séamas Sheils, Sadanand Magee, Riannach Mitha Semple agus Pintu Lohar.

An tUachtarán i láthair ag céad-léiriú Cherry Orchard le Tom Murphy
Previous engagement

An tUachtarán i láthair ag céad-léiriú Cherry Orchard le Tom Murphy

Fáiltiú ar scáth an Uachtaráin ag Teaghlaigh le leanaí ar mhístaid neamhchoitianta
Next engagement

Fáiltiú ar scáth an Uachtaráin ag Teaghlaigh le leanaí ar mhístaid neamhchoitianta