Fáiltíonn Saidhbhín roimh Susan McKeown agus Mná Óga Afganastánacha ar chuairt chúirtéise

Location: Áras an Uachtaráin
{{ diary_page.title }}

Chuir an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn fáilte roimh Susan McKeown, Lida Azizi, Fatemah Qaderyan, Kawsar Roshan, Maryam Roshan agus a fear céile Mohammad Iqbal Kakar ar cuairt chúirtéise.
 
Bhí na cailíní Afganastánacha ina mbaill den chéad fhoireann cailíní róbataice as an Afganastáin agus bhí siad rannpháirteach agus buacach i gcomórtais idirnáisiúnta sularbh éigean dóibh teitheadh ón mbaile nuair a tháinig an Talaban i gcumhacht. Chuidigh 'Fondúireacht Chuala' de chuid an bhuaiteora Grammy, Susan McKeown, leis na mná teacht go hÉirinn, áit a bhfuil siad anois i mbun staidéir agus oibre le cuidiú le mná eile in Éirinn agus san Afganastáin.
 

Previous engagement

Freastalaíonn an tUachtarán Ó hUigínn ar chluiche Chraobh na Sé Náisiún idir Éirinn agus An Bhreatain Bheag

Fáiltíonn an tUachtarán roimh The Women of Honour ar chuairt chúirtéise
Next engagement

Fáiltíonn an tUachtarán roimh The Women of Honour ar chuairt chúirtéise